TEACHING DEPUTY PRINCIPAL (PERMANENT)
Ref 82/2024
Pobalscoil Náisiúnta Chorr na Madadh
Pobalscoil Náisiúnta Chorr na Madadh
Uimhir Rolla: 17903 N
Uimhir rolla /17903 N
Is ionann Pobalscoileanna Náisiúnta (PSNanna) agus scoileanna il-sainchreidmheacha a mhaoinítear agus a bhainistítear go poiblí agus a fháiltíonn roimh gach páiste sna pobail áitiúla a bhfreastalaíonn siad orthu. Tá roinnt Pobalscoileanna Náisiúnta eile ar fud na tíre agus síltear go dtiocfaidh borradh faoin tsamhail sna blianta amach romhainn. Le tuilleadh eolais a fháil ar shamhail PSN, téigh chuig www.cns.ie
Lorgaíonn Bord Oideachais agus Oiliúna an Longfoirt agus na hIarmhí anois iarratais ó dhaoine atá cáilithe go cuí do phost Leasphríomhoide Múinteoireacht i bPobalscoil Náisiúnta Chorr na Madadh, le tosú i mí Mheán Fómhair 2024. Is bunscoil chomhoideachais il-sainchreidmheach í a bhfuil croíluachanna na Sármhaitheasa san Oideachas, i gCúram, sa Chomhionannas, sa Phobal agus sa Mheas mar bhuntaca léi.
Is scoil í Pobalscoil Náisiúnta Chorr na Madadh a bhfuil 20 múinteoir ag obair ann agus a bhfuil 290 scoláire ag freastal uirthi faoi láthair.
Le cáiliú do cheapachán is gá go mbeadh na nithe seo a leanas ag iarrthóirí:
- Clárúchán iomlán faoi bhealach clárúcháin 1 (Bunscoil) leis an gComhairle Mhúinteoireachta
- Cúig bliana de sheirbhís mhúinteoireachta aitheanta. Is gá go mbainfeadh dhá bhliain acu sin le bunscoil aitheanta laistigh de Phoblacht na hÉireann
Léireoidh an té a cheapfar tiomantas don oideachas il-sainchreidmheach agus do thimpeallacht ionchuimsitheach scoile a fhorbairt. Léireoidh sé/sí an cumas pobal scoile a bhunú agus próifíl na scoile a fheabhsú sa cheantar áitiúil.
Is gá foirmeacha iarratais comhlánaithe a chur isteach chuig [email protected] tráth nach déanaí ná 13:00 ar an 30ú Iúil 2024. Beidh gearrliostú i gceist. Cuirfear an t-iarrthóir as an áireamh láithreach má bhíonn sé ag canbhasáil nó má bhítear ag canbhasáil ar a shon. Ní ghlacfar le hiarratais a chuirfear isteach i ndiaidh an spriocdháta.
Dáta sealadach na n-agallamh: an tseachtain dar tús 12ú Lúnasa 2024.
Liz Lavery, Príomhfheidhmeannach,
Bord Oideachais agus Oiliúna an Longfoirt agus na hIarmhí
Cornamaddy Community National School
Corr na Madadh Scoil Naisunta
Roll Number: 17903 N
Uimhir rolla /17903 N
Community National Schools (CNS) are publicly funded, publicly managed multi-denominational schools that welcome all children from the local communities they serve. There are several other Community National Schools around the country and it is expected the model will grow substantially over the coming years. For more information about the CNS model, visit www.cns.ie
Longford and Westmeath Education and Training Board now invites applications from suitably qualified persons for the post of Teaching Deputy Principal of Cornamaddy Community National School (CNS) to take effect September 2024. The school is a multi-denominational, co-educational school underpinned by the core values of Excellence in Education, Care, Equality, Community and Respect.
Cornamaddy CNS is a 20 teacher school with a current enrolment of approximately 290.
To qualify for appointment candidates must have:
- Full registration under route 1 (Primary) with the Teaching Council
- 5 years recognised teaching service, two of which must be in a recognised primary school within the Republic of Ireland
The successful candidate will show a deep commitment to multi- denominational education and developing an inclusive school environment. They will demonstrate an ability to build up a school community and enhance the profile of the school in the local area.
Application forms and full details may be obtained from [email protected]
Completed application forms should be returned by email to [email protected] no later than 13:00 hours on Tuesday 30th July 2024.
Shortlisting will apply. Canvassing by or on behalf of the candidate will automatically disqualify. Late applications will not be accepted. Provisional date for interviews: week commencing 12th August 2024.
Ms. Liz Lavery, Chief Executive,
Longford and Westmeath Education and Training Board